Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0082

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0082

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0082
  3. XML “An Gníomh ba Ghaisciúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Gníomh ba Ghaisgeamhla.
    Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé ag éirighe an-tsean. Bhí triúr mac aige. Aon lá amháin ghlaoidh sé chuige a thriúr mac agus dubhairt leo. "Tá mise anois ag éirighe sean agus táim ag dul ag roinnt mo shaidbhris orraibh. Acht tá chloch an-luachmhar agam agus ní gheobhaidh í acht duine amháin. Ní gheobhaidh an duine sin féin í muna saothróchaidh sé í. Dhá bhrígh sin imthighigh an triúr agaibh go ceann míosa. Nuair a thiócfas sibh ar ais go dtí mise annsin innseóchaidh gach duine agaibh dhom an gríomh is gaisgeamhla dá ndéanfaidh sibh".
    Bhí na triúr mac an-bhuidheach dá n-athair mar gheall ar an saidhbhreas a thug sé dóibh. Acht ba mhaith le gach duine go mbeadh an chloch luachmhar seo aige. D'imthigheadar leó annsin nó gur tháinigeadar go dtí a n-athair i gcionn na míosa. Nuair a shroicheadar an t-athair bhí a sgéal féin ag gach duine lé n'innseacht dhó. D'fhiafruigh sé den chéad mhac
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    AT0654: The Three Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Michéal Ó Conghaola
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Gairm bheatha
    Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe