Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0080
- XML “An Mac Díchéillí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus chuaidh an fear agus rinne sé fáinne dhó féin aríst agus chuaidh sé suas ar mhéir an inghean. Labhair an t-athair léi agus d'fhiafruigh sé dhí cá raibh sé agus dubhairt sí leis gur imthigh sé acht níor chreid a h-athair í agus dubhairt sé léithe gan é a dhúiseacht aríst.
Chuaidh sé i chodhladh agus ba ghearr go rinne an fáinne an rud chéadhna agus dhúisigh sise aríst é agus ar an bpoinnte chuaidh an fear agus rinne sé fáinne dó féin aríst agus chuaidh sé ar a méir agus thug an t-athair fógra dhí gan é a dhúiseacht aríst nó go gcuirfeadh sé a raibh sa ngunna innte.
Faoi cheann cúpla lá in-a dhiaidh sin tháinig an feairín ar ais agus an dhá réag giollaí in éinfeacht leis. Chuaidh siad isteach i dteach an ríogh agus ba ghearr gur leagadh béile aca acht níor ith an feairín aon bhlas. Cuireadh ceist air cén fáth nach raibh sé ag ithe agus dubhairt sé nach mblaisfeadh sé go aon bhlas nó go ngeobhfadh sé an rud a bhí uaidh, dubhairt fear an tighe go dtiubhradh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe