Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0062
- XML “Madra Bán na nOcht gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rinneadar mar a dubhairt sé leó agus nuair a bhí siad ag an bhféasta bhí sgian agus forc ag an mada bán chomh maith le duine. "Ó nach áluinn an féirín é sin, níl a léithéad ar an domhan" arsa mac an ríogh. 'Ó' deir an duine uasal a raibh siad ar féasta aige. "Tá". Chuaidh sé siar i seomra agus d'fosgail sé comhra áluinn agus thug se amach mada bán na n-ocht gcos, 'spáin sé do mhac an ríogh é agus chaith mac an ríogh ag an mada bán é. Chuaidh an dá mhada tríd an teach agus d'imthigh Mac Rí Éireann agus a bhean féin leis go dtáinig siad go dtí oileán sul a raibh fhios ag an duine uasal é.
Bhí siad ag imtheacht go deó go dtáinig mada bán na gceithre gcos agus cloigeann mada na n-ocht gcos aige. D'imthigheadar leó go h-Éirinn. Nuair a tháinig siad go dtí teach an ríogh (bhí) Bhí an t-athair ag cur fáilte roimh an mac. Chuaidh mac an ríogh isteach agus bhuail sé cloigeann mada na n-ocht gcos sa mbaithis ar an leas-mháthair agus mharbhuigh sé í. Thug sé cloigeann mhada na n-ocht gcos(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bairbre Bean Uí Mhaoil Eoin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe