Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0045
- XML “Diarmuid Súgach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dinnis Diarmuid mar d'eirigh leis í thabhairt ó'n tsluagh sidhe. "Tá sé in am againn dul abhaile go dtí teach m'athar anois". Dimthigheadar leó agus dtáinig siad go Cúige Laighean. Chuir Diarmuid sgéala ag an Rí go raibh a inghean féin ag teacht. Chuir an Rí teachtaire leis an eólus a dhéanamh dóibh. D'innsigheadar an sgéal ó thús go deireadh don Rí. "Muise" ar seisean "is leat m'inghean". "A Rí is a Thighearna" arsa Diarmuid. "Ní cóir fuil Ríoghamhail a mheasgadh lé fuil bhodaigh". Ní mar sin a bhéas" arsa an Rí "má tá m'inghean sásta." Sin é a raibh ón inghean agus thug sí a toil le'm é a phósadh. Bhí bainis seacht lá agus seacht n'oidhche ag mór uaisle agus ag beag uaisle na Cúige. Thug Diarmuid a chéile go Connamara agus tá daoine ann indhiú gur ón mbunadh sin iad agus go bhfuil fuil Rí Laighean ag ritheacht ionnta.
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 28
- Gairm bheatha
- Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe