Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag an bhfuinneóig. Chuaidh fear thar an doras agus muc ar adhastar aige. 'Gabh amach agus goid an mhuc ó'n bhfear sin' arsa Jack leis an nGaduidhe Dubh. 'Tá sé fánach agam, go deimhin, muc atá ar adhastar aige a ghoid' ars' an Gaduidhe Dubh. 'Cuirfidh mé cúig phunt leat go ngoidfidh mise uaidh í' arsa Jack. 'Cuirfidh mise cúig phunt nach ngoidfidh' ars' an Gaduidhe Dubh.
Thug Jack leis dhá bhróig nuadha leis an nGaduidhe Dubh agus ghearr sé an t-aithghiorra ar fhear na muice. Chuir sé salachar is puiteach ar cheann go (de) na bróga agus chaith sé ar an mbóthar roimh fear na muice í. Bhreathnuigh fear na muice uirthe agus dubhairt 'mara maith an bhróg thú', "acht cén mhaith dhom thú gan do leath-cheann eile". D'imthigh leis agus d'fhág sé an bhróg ar an mbóthar. Píosa maith ó'n áit sin chaith Jack an tarna bróg agus níor chuir sé salachar ar bith uirthe. Bhreathnuigh fear na muice uirthe agus dubhairt 'nach é an feall nach dtug mé liom an chéad bhróg is gan orm acht í a ghlanadh'. 'Ceanglóchaidh mé an mhuc den chrann, agus dheamhan a gcorróchaidh sí as, agus tiocfaidh mé ag iarraidh an chéad bhróg, agus beidh péire deas bróg agam'.
Cheangail sé an mhuc den chrann agus d'imthigh leis ag iarraidh na bróige. Nuair a fuair Jack imthighthe é árduigheann sé leis an mhuc agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bairbre Bean Uí Maoil Eóin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe