Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tae, Bóthar Riabhach. Ar an mbothar atá ag dul ó Chluain Caoilbhigh go Coill a' Talamh tugtar "Bóithrín Cúig" agus seo é an fáth
atá an t-ainm sin air. Sé an cúigeadh bóithrín ó'n gCrois-bhóthar an bóithrín Cúig.
Ta an céad bóthar ag dul isteach go Cluain Easgra ó'n mbothar Cluain ar thaobh na láimhe deise.
Ta an dara bóithrín ag dul thar teach Uí Lalaigh go dtí an portach. Ar thaobh na láimhe deise atá sé freisin.
Ta an triomhadh ceann ag dul ó Bhóthar Cluain Caoilbhigh go dtí mo theach agus cúpla teach eile agus uaidh sin tríd an bportach go Séipéal Cille Bheinín.
Ta an ceathramhadh ceann ag dul suas ó bothar Cluain Caoilbhigh freisin go teach Uí Loinsgigh; agus an cúigeadh ceann sin é an Bóithrín Cúig.- Bailitheoir
- Nóra Ní Laighin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe