Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Uí Núthail agus tá sé an-mhór. Níl acht cúpla crann ag fás ann. An úsáid céadhna atá leis is atá san gceann eile. Cuirtear a lán naoidheanán ann:- duine aca do bheadh deirbhfhiúr de Chaitlín Níc Íagó a fuair bás sul a baisteadh í. Tá uaigh na bpáiste sin le feiceál fós. Ta féar deas bog ann acht ní itheann aon ainmhidhthe é nó ní threabhann Peadar é acht mar an gcéadhna.
D'innis m'athair dom go raibh fear ann breis is 50 blian ó shoin agus bhí sgeach ag fás ins an bpáirc in aice a thighe. An
bhliadhain áirithe seo bhí sé ag treabhadh na páirce agus bhain sé suas an sgeach. Ó'n uair a bhain sé í bhíodh fuil ag sileadh amach as i gcomhnuidhe.- Bailitheoir
- Nóra Ní Núthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe