Scoil: Crois Bhóthar

Suíomh:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0163

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0163

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Crois Bhóthar
  2. XML Leathanach 0163
  3. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an cúntas seo dom.
    Sé an chaoi a ndéanaidís bréagáin fadó ná le turnapaí go mór-mhór. Gheibhidís turnap agus sgian agus d'fhágaidís an turnap ar an úrlár. Ghearraidís píosa beaga as. Ar chuma fir a bhíodh siad ghá déanamh. Chuiridís poll mór air annsin agus chuiridís coinneal mhór in a seasamh ann agus d'fhágaidís ar an mbóthar é san oidhche ionnus go gcuirfeadh sé faithchíos ar dhuine a bhíodh ag dul an bóthar.
    Sé an chaoi a ndéanadh na buachaillí na "pop gun" ná gheibhidís dhá phíosa de "elders" agus bhainidís an craiceann díobhtha agus annsin chuiridís píosa d'éadach ar bhárr cinn de na h-elders. Annsin gheibhidís corc agus chuiridís poll beag ann le biorán. Líonaidís
    annsin é le h-uisge agus bhéadh sé i ndon é a choinneal ann.
    Sé an chaoi a ndéanfaidís na clíabháin éin ná chruinnighidís go leor cipíní móra le chéile agus gheibidís sgian agus ghearraidís na cipíní go dtí go mbéadh siad in a bior. Annsin gheibhidís 4 cinn de na slataí agus agus cheangluighidís le chéile iad. Gheibhidís 4 cinn eile annsin agus chuiridís na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Núthail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe