Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0124
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus gheibhidís láighe agus chuireadh siad beart ar chúl na láighe agus dhéanadh siad mín é le "tlú gairmid". Bhéadh ortha
annsin é "scutcheadh" dhá uair. Chuireadh siad an "siostal" air annsin. Bhíodh ceann mín agus ceann garbh acú. Chuireadh siad
an ceann garbh a bhíodh acú ar chuid de'n líon agus an ceann mín ar an gcuid eile. Sníomadh siad é ins an dtúirne lín. Chuireadh siad
an t-snáithe lín thart timcheall bata nó dhó a bheadh slat nó dhó ar fhaid. Chuireadh siad na bataí sin síos i dtobán ar feadh trí
seachtmhaine nó mar sin dá mbéadh sé an-bhuidhe. Chraitheadh siad amach ar an bhféar glas iad le go mbéadh sé tirim agus bán. Chuireadh siad go h-Eoghainín Figheadóir. Eoghan Ó Flaitheartaigh a ainm ceart. I gCill Leabhar a chómhnuigh sé. Nuair gheobhaidís ar ais é bhéad siad i ndon léine a dhéanamh de'n lín ba míne. Dhéanadh siad braithlín de'n chuid nach mbéadh chómh mín sin. De'n chuid garbh dhéanaidís rópaí agus málái. Dhéanadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe