Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0106
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h-Ifreann i ngeall ar an méid daoine boir a mharbuigh sé nagus dubhairt le Paidín dhul go h-Ifreann agus a dhearbrátha a thabhairt ar. D'imigh leis la ar na bhárach chuaigh sé go h-Ifreann, buail sé ar an doras agus chonnaic sé an sean-dhiabal féin ag an doras. D'iarr an diabhal air céard a theastaigh uaidh. Dubhairt Páidín leis go raibh dearbhráta an duine uasal ar a raibh sé ag obair dhó san áit sin, go ndubhairt an duine uasal leis é a thabhairt abhaile "Imigh leat abhaile", adubhairt an sean-dhiabhal "ní bhfuighid tú é ná duine ar bith eile annseo. Thosuigh iroich eathorra annsin agus fuair Páidín an buaidh ar an sean-dhiabhal agus bhris sé an dá adhairc le buille de'n mhaide láimhe agus d'fhosgail sé an doras. Isteach leis go bhfeicfeadh sé an raibh an fear a bhí sé ag a thóraidheacht ann. Níor thug sé faoi deara é thríd an méid a bhí ann agus nuair nár thug dubhairt sé leis féin go ruaighreadh sé an méid do bhí ann. Chuir sé amach roimhe na mílte abhaile chuigan duine . Nuair a chonnaic sé Páidín ag teacht d'imigh sé i bhfolach, chuaidh sé ar a dhá ghlúin agus d'iarr sé ar Righ Mhóir na Glóire aon impighe amháin gan daoine a leigeann go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Núthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe