Scoil: Cill Tulaigh (uimhir rolla 15166)
- Suíomh:
- Cill Tulach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aimsear na "tans" a bhí ann bhí campa ag saighdiurí na h-Éireann tiar in aice Baile Briatán. Oidhche amháin cuaidh saighdiurí, agus comharsan amach ag siubhal, agus cé d'fheichfeadh siadh ach marcach-sidhe. Cuadhadar abaile i muinghin anama. Bhí sgeoin mór ar an saigdiúr agus an oidhche in a dhiadh sin d'iarr an comarsan, air teacht in einfeacht. Neis go bfeichfeadh siad an mbeadh an taidhbhse san áit úd, ac ní raibh sé ann, mar bhí ann oireadh sin faitchíos air.
Fear misneamheail a bhí san comarsan cé ar bith, agus cuaidh sé ann in aonraith, agus nuair a bhí sé ag dul thar an áit údh, chuaidh an marchach side tar, agus labair an comarsan leis, agus dubhair sé, in anam Dé is béal na fuaige innis domh cé tú féin no céard tá uaith ar an bpoinnte léim sé anuas ón gcearall ag cainnt leis an gcomarsan. Is beag nár thuith sí i bfantais nuair a connaich sé cé a bhí lén a taobh, ach mar sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Tulach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe