Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garán
- XML Leathanach 0042
- XML “Féilte na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)daoine nach mbíonn pósta. Ar Aoine an Chéasta téigheann na daoine go dti an séipéal uair éigin idir dó dhéag an chlog agus trí a'chlog. Bíonn na daoine ag trosgadh san Carrghas. Ar Domhnach Cásca bíonn féasta ag na daoine. Bíonn an féasta sin aca ma chuimhneamh ar an lá a d'aiséirighe Íosa Chriost ó mharbhaibh. Itheann na daoine uibheacha ar an lá sin. Deirtear go mbíonn an ghrian ag damhsadh ar mhaidin Dhomhnaigh Cásca. Bíonn lá saoire bannc ar luan Cingéise. Tá nós ag na cailíní óga éirghe sul má bhíonn an drúcht imthighthe de'n fhéar ar lá Bealtaine agus a n-éadain a nigh leis an drúcht mar deirtear go mbeidh a n-éadain go h-áluinn ar feadh na bliadhna, má nigheann siad a n-éadain leis an drúcht. Lasann na daoine teinte móra ar oidhche lá Fhéile tSin Sheáin agus tógann siad fóid as na teinte agus cuireann siad ins na páirceanna iad. 'Sé an fáth a gcuireann siad na fóid ins na páirceanna ná mar síleann siad go mbeidh na barraí go maith nuair a chuireann siad píosa de'n teine ins na páirceanna. Ar an ceathramhadh lá is fiche de mhí an Mheithimh a bhíonn lá Fhéile tSin Sheáin. Ar lá Fhéile Mhuire téigheann na daoine go dtí Tobar Mhuire atá i mBaile Átha an Ríogh. Bíonn lá Fhéile Mhuire ar an cúiguieadh lá déag de Lughasa. Ar lá Fhéile Mhíchil marbhuigheann na daoine gé i n-onóir do Naomh Mhíchil. Bionn lá Fhéile Mhíchil ar an naomhadh lá is fiche de Mheadhon Fhóghmhari. Ar an t-aonmhadh lá déag(leanann ar an chéad leathanach eile)