Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garán
- XML Leathanach 0021
- XML “Seanscoileanna”
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)scoileanna sin ar chor ar bith. Níor dhubhairt aon duine rud ar bith i n-aghaidh na Scoileanna Náisiúnta acht an t-Árd easbog Seán Mhic h-Éil i dTuaim. Ní leigheadh seisean ceann aca isteach in a dhíoses. Bhí múinteoir eile ag dul thart ó theach go teach ag múineadh na páistí darbh' ainm dhó Seán Ó Catháin. Ní raibh an méid cáil air agus a bhí ar Mícheál Ó Donnchadh. Do bhí an Ghaedhilg go maith aige acht ní raibh sé chómh cliste le Mícheál Ó Donnchadh. Ní raibh mórán sgoileanna eile san áit seo.
- Do bhí a lán cheardanna dá chleachtughadh ag na daoine thart fá'n dúthaigh seo i bhfaid ó shoin. Bhíodh cuid aca in a súinéirí, cuid aca i na ghréasaidhthe agus cuid eile aca in a ghaibhne. Do bhí gabha in a chomhnuidhe i gCill Cháimín. Bhí ceardcha aige ann agus bhíod sé ag obair istigh ann. Fear mhór do bhí ann agus bhí sé go h-an láidir. Bhí inneónn, casúr táirngí agus iarann aige sa ceardcha. Biodh sé ag cur crúidhthe faoi chapall agus ag cur deis ar chéachtaí agus ar gheataí. Bhí fear eile in n-a ghréasaidhe i mBaile na Cúirte. Séamus de Búrca ab' ainm dhó. 'Sé an obair a bhí aige ná bheith ag déanamh bróg agus ag cur deis ar sean(leanann ar an chéad leathanach eile)