Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)

Suíomh:
An Garrán, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0017

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0017

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garán
  2. XML Leathanach 0017
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Cruatan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    teacht isteach. D'fhan sé amuigh ag snámh agus báitheadh é freisin. Nuair nár tháinig Oidhche abhaile tosuigh na daoine 'gá cuartughadh acht ní fuair siad é. Cúpla lá in a dhiadh sin friothadh a chorp.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. D' fhulaing go leor daoine cruadhtan thart faoi'n duthaigh seo san am fadó. Cuireadh séipeál fré theine i mBaile na Cúirte i n-am Cromail. Tá na fotharacha le feiceál go fóill. Mharbhuigh na Sasanaigh fear i bPáirc na gCoinnleach agus cuireadar piléar igcois duine eile agus tá sé i na bheathadh go fóill acht tá sé bacach. Chuir na Sasanaigh teach na cúirte i mBaile na Cúirte fré theine freisin. Do báitheadh fear as an parróiste seo darbh ainm dhó Oidhche agus tugtar Poll Oidhche ar an áit i n-ar báitheadh é. Lá amháin nuair a bhí sé amuigh ag snámh báithead é agus nuair a chuireadh a ghadhar níor fhás acht féar glas san áit. Is féidir an áit i n-ar cuireadh an ghadhar a fheiceál go soléir go fóill mar tá an féar go h-an ghlas ann. Chonnaic mé an áit i n-ar cuireadh an gadhar go minic. Aon uair amháin do briseadh bád taobh amuigh de Tamhain. Cailleadh agus do báitheadh gac duine a bhí uirthi. Briseadh long taobh amuigh de Tamhain uair eile freisin agus chuaidh Muinntir Tamhain amach agus bhíodar 'ghá réabadh agus ar deire chuaidh spíce i súil duine aca agus tá sé i -na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
    Teanga
    Gaeilge