Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garán
- XML Leathanach 0008
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)daoine annsin.
- Tagann sí isteach ar ghuailnibh daoine agus téigheann sí amach 'na snáithín síoda.
Móin.
Boisín iarann agus fiacail maide.
Tuaigh.
Cailleach mhór dhubh agus í an- fhada amuigh. Cruach Móna.
Ceirthlín buidhe ar taobh an tighe nach féidir a sníomh na a réidhteach.
An Ghrian.
Pota sa gclúid agus dhá chéad súil air? Anbhruith
Fear beag san gáirdín agus céad cótaí air?
Tor cabáiste
Trí cosa nach siubhlann clab mór nach ndúnann ? Pota
Droichead ar loch gan maide gan cloch.? Leac -oighir.
Níl sé amuigh agus níl sé istigh acht tá sé ins an tigh? Fuinneóg.
Cén taobh de'n cupán atá an cluas? An taobh amuigh.
Cé mhéid gob a leagann an chearc ar an dtalamh nuair a bhíos sí ag ithe deich ngráinní coirce? Aon ghob amháin.
Bíonn sé san mhóinfhéar agus ní gearrtar é
Bíonn sé san abhainn agus ní báidhtear é
Bionn sé san siopa agus ní díoltar é?
Gath Gréine.
Ar airigh tú ariamh "Eachtraí an Phréacháin sa Chrann"?
Bhí sé ann agus d'imthigh sé.
Chomh doimhin leis an gcupán agus thógfaidh sé an mhéid s'fhearaibh atá ag an Rí é a thógaint as san? Tobar(leanann ar an chéad leathanach eile)