Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 78
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá trí tobracha beannuighe sa pharróiste mar tá tobar Naomh Bhudóg i Dumnach-Mhór, turas Pádruig i Bhaile Úr agus turas Druim-na-Creige. Tá tobar Naomh Bhudóg suidhthe i páírce, agus an bheirt eile ag bun chnuic. Téigheann siad go tobar Dumnach-Mhór ar Aoine an - Chéasta, 3 lá sa bhliadhain go turas Phádruig agus 9 lá go Druim-na-Creige. Nuair a bíonn siad ag déanamh an turais téigheann siad thart naoi n-uair agus caitheann siad cloch beag san charn ac'an h-éit a théigh siad thart. Annsin deireann siad deichneabhar dé'n Choráin Mhuire ach'an uair a dtéigheann siad thart.Chá dtiocfadh liom sgéal ar bith a fhághail. Bhí dá fhir ag dul a bhaint móine (?) dár'bh Pádruig Ó Siadhial as an Tonn-bháin agus Umphery Mag Reannacháin as Gort-na-Tráighe. Chuir duine aca an spád sa talamh agus dubhairt sé gur annseo a bhíodh an tobar agus tamall in a diaidh sin fuair siad an tobar.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhorráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Dorráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall