Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad agus go mb’fhéidir go dtuitfeadh sí air fhéin.
Thoisigh siad á ngléasadh fhéin annsin agus rinne siad beichidhigh as buachall-aín buidhe; rinne siad do Shéimí chóimh maith le ba mór.
Nuair a chuaidh siad fad le Baile-Átha-Cliath stad siad ag halla mór damhsa agus nuair a chuaidh siad ar a n-aghaidhthe isteach cé bhí a’ damhsa ach inghean an Mhaoir. Ghoid siad leó í agus as go brách leo a’ tarraingt ar an bhaile. D’fhág siad a samhailt ‘n-a ndiadh agus cuireadh í. An comrásaidhe a bhí le Séimí agus iad ag imtheacht ‘sé bhí leis na bhaile agus ba leis a bhí an bhean uasal ar a chúlaibh.
Nuair a tháinig siad isteach sa chonnsal seo d’fhiafruigh an fear a rabh an cailín uasal leis ar a chúlaibh do Shéimí an dtabhairfeadh sé leis í giota ar a chúl. Nuair a bhí siad a’ tarraingt coingárach do Dhruim-na-Creige smaointigh Séimí go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Domhnaill Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Baile Uí Fhuaruisce, Co. Dhún na nGall