Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 388

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 388

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 388
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deir siad go bhfuil cisté óir i bfolach ar chnoc an Caisil ag ceann cuibhrinn d'ainm poll - lag - na buaidh ? 'S iad na Lochlannaigh a chuir ann é. Nuair a cuireadh an tóír ortha as Éirinn d'fholaigh siad a gcuid saidhbhris ar eagla go dtuitfeadh sé i lámha na nGaedheal.
    Tá cloch mhór cheirthe céadhmeadhcáín ar mullach an chroca seo. Nuair a bhí m'athair agus m'unncal i na ógannaí thug siad iarraidh an chroca seo a fhághail ach theip ortha. Thoisigh siad a bhaint thart fá'n chloich agus nuair a bhí an chloch réidh le tógail caidé rinne sé ach tuitim isteach san poll arais. D'fhág siad é annsin agus ní deachaidh siad a comhair ó shoin. Tá (?) plannta glas cosamhail le copagach cáill ag fás ann i gcomhnuidhe ach nach bé atá ann.
    Áit iongantach uaigneach atá ann agus deir siad go rabh sigeannaí an am amháín, agus níl dúil ag móran daoine a dhul chomhair na h-áite.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhorráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Caiseal, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Dorráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Caiseal, Co. Dhún na nGall