Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 442

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 442

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 442
  3. XML “Cruatan - Longbhriseadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cailleadh long agus cúig claigne-déag fear ag dul trasna ó Bheal Loch Suilighe go dtí'n phoinnte. Locht Foghmháir a bhí ionnta; bhí siad ag dul go h-Alban a dheánamh Fóghmhar agus bhí siad amuigh i lár an chana (?) nuair a thointigh an bád agus bathadh iomlán dá raibh inntí. Bhí an bád ro-bheag aca, agus bhí sí seoltoireacht, (?) agus thointigh sí leis an creabh. Ins an bhliadháin (?) 1842, 85 bliadhain ó shoin a tharla seo.
    Maidín lá thar na bharach chusgarochadh sé na carraigeacha, ag amharc ar athreacha, mhathreacha, dearbhrathaireacha agus deirbhruireacha ag cuartughadh cuirp na daoine a bhí caillte, ó céide Rath Mhualáín go céidhe Phort-Salainn, bhuachaillí bréaghtha láidre a bhí ionnta.

    Bhí long eile ag imtheacht amach as Loch Suilighe fosta. Bád seol a bhí ionnta, no ní rabh longa gaile ar bith ag dul san am. Saaldana a bhí uirthí, agus bhí compaidh léithe a rabh an Slup Ó Wa (?) uirthí. Bhí lasta saighdiurí ar an Salldana an ceann a cailleadh, 300 aca a bhí uirthí. Nuair a bhí sí amuigh í lár na baighe d'éirigh an droch cosalacht (?) ar an fairrge agus phill sí arais ar an fasgadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. longbhriseachta (~384)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Colla
    Inscne
    Fireann