School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán Ó Domhnaill

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 420
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aimsir MhaithDeir siad go mbíonn an ghrian i bhfad suas ins an spéir le linn aimsir maithe, agus indiaidh na h-oidhche bíonn an spéar deas glan agus gan duachadh ar bith inntí, go mbíonn an ghealach ag soillsuighadh go deas. Tuar ceatha le feiceal indiaidh na h-oidhche, agus ceo gealaigh uire, aimsir mhaith fosta, agus gaoth anoir go minic comhartha aimsir mhaith
Droch AimsirGaoth anoir andheas is mo a bheireann baisteach léithe. Bíonn an fhéar cúdailte le snáitheanna Dubhan Allaí. Bíonn suidhche ag tuitim anuas an simléir; fainne buidhe i bhfád ar siubhal o'n gealaigh sin comhartha fearthainn ag teacht cogarach. Bíonn na faoileoga ag fághail na léana ag tarraingt ar an fhairrge. Bíonn na cait na luighe fa'n gríosaigh, agus na madraí ag tamhain leobhtha indiaidh na h-oidhche, agus bíonn na realta ag leimint leobhtha san spéar.Fosglacha soir a dtuaidh, lán mara arda, cuma dhubh dhorcha ar an fhairrge, bíonn tarraingeacha móra san fhairrge fosta. Fágan na cuirr mhónadh an chladach agus tarraingheann siad ar na lochannaí; bíonn an Mhaol Ruadh ag caoineadh go truacanta. Bíónn na rontaí da dtiomaint isteach go béal na bport, an ghrian ag dul as amharc na gcrann(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Cholla
- Gender
- Female
- Address
- An Seisíoch, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Tomás Ó Colla
- Gender
- Male
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Seisíoch, Co. Dhún na nGall