ó Tomás Ó Colla
Seiseadh
Ceann Droma
An Doinnean 1839
Oidhche na Gaoithe Móire
Ní bhfuil morán eolais le fághail fá dtaobh de'n oidhche mhór seo. Na sean daoine a rabh a bheagan no a mhorán d'eolas aca air tá siad marbh anois.
Bhí mo athair-mór ag innse do m'athaair-sa gur chualaidh seisean tráth éigin ar an oidhche mhór sin. Dhá lá sul a dtáinig an stoirm, bhí comhartaí le feiceal ins an aer, ní bhfacas an ghrian rith dhá lá ar chor-ar-bith. Bhí an tír an uaigneach, agus shíl na sean daoine a bhí beo san am sin go rabh deireadh an t-saoghal ann.
Sa deireadh thoirigh sé a dheánamh sgualtaí clocha sneachta tairneach agus soillseach, agus thoisigh an ghaoth a shéideadh go trom. Mhair an aimsir sin ceithre uaire fichead gan stad. Leagadh na ceadtaí toighthe, agus séideadh an ceann de'n cuid eile aca, agus ariamh ó shoin baisteadh Oidhche na Sifíní air, no bhí an áit uilig lán de na Sifíní a séideadh de na toighthe.
Bhí an fhairrge go fiadhanta sin gur thoinntigh sí na carraigeacha móra dhá thonna meadhchain aníos an leuna agus níor toinntuigheadh aon cheann aca ó shoin. Fuarthas na ceadtaí locheogaí Franncacha báighte ar an tráigh a bhí na gcomhnuidhthe sna carraigeacha fa'n fhairrge. Bhí na ceadtaí eisg na luighe tirim ar na leuntracha rith seachtmháine
(leanann ar an chéad leathanach eile)