Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 438
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D'fhág sé cloigne déag Tráigh Dhumheiche Bige ar long ar ainm dithe Bád Fhanaid. Bhí muinntear an bhaile na seasamh ar an tráigh ag amharc uirthí ag dul amach agus chonnaic siad fear beag a rabh ceann ruadh air ag dul isteach inntí agus chan fhacaidh an mhuinntear a bhí ar bord chan fhacaidh siad é ar chor ar bith. Bhí siad ag dul go Foghmhar na Sasana. Ach nuair a bhí siad ag dul trasna Loch Suiligh d'éirigh an fhairrge. Tháinig na tonna baithte agus baitheadh uilig iad. Ar an 8adh lá de mhí Foghmhair 1842 do tharla seo. Bhí fear amháin ar an bhád ar b'ainm do Eoin Mac Suibhne agus is é an fear a ba laidre é a bhí bhFánaid. D'fhág sé bean agus sé cloigne baistí ina dhiaidh. Tháinig triúr de na cuirp isteach ar Thráigh Rath-Mhaoilin agus is ga Dia ta fhios ca dtáinig an chuid eile isteach agus is daor a cheannaigh siad Foghmhar na Sasana.
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhionnlaoigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tonn Bhán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Fhionnlaoigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Tonn Bhán, Co. Dhún na nGall