Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 167
- XML “An Tiarna Talaimh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mharbhuigh fear darbh ainm Micheál Mac Giolla Bhuidhe agus fear darbh ainm Ó h-Oireachtaigh as Baile Fíor-Uisge an tighearna.Lá dlighidh a bhí ann agus bhí Liadhtrom ag gabhail go dtí an cúirt agus bhí an bheirt seo in a luighe roimhe ag Coill Chreatlach agus sgaoil siad sé urchar leis agus b'éigean dóbhtha é a mharbhadh le cois an ghunna. Marbhadh an tiomanaidhe agus an beathach fosta. Bhí fear eile darbh ainm "Cincade" agus tiomanaidhe darbh ainm Ó Luage ag teacht in a dhiaidh. Chuaidh an tiomanaidhe chuig an ghabha le na bheathach agus chuir an gabha toirnge i gcruth an bheathaigh agus rinne bacach é mar bhí fhios aige go raibh seo ag gabhail a thárla. Shábháil seo eisean mar bhí an beathach bacach agus chá raibh sé ábalta congbháil suas leis an bheathach eile. Chuaidh an bheirt a mharbhuigh é go Baile na nGallóglach fá choinne péire bróga mar b'fhior. Chuaidh Ó h-Oireachtaigh go Baile na nGallóglach fá choinne péire bróga agus chuaidh an fear eile trí chnoc na Raithneach agus anuas cnoc Colmha agus é costarnocht. Bhí a leine cumhdaighthe le fuil agus bhain sé de í amuigh ins na cnuic agus nigh sé í agus chuir arais í agus tháinig na bhaile agus fuair sé ashiubhal saor (?). Beireadh ar an fhear eile agus cuireadh i bpríosún é agus fuair sé bás sa phríosún. Fuair na gárdaí na gunnaí ins an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall