Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 128
- XML “Préataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar na preataí mar leas, agus corr uair cuirtear leathach ortha. Tarraingtear an t-aoileach le trucaill agus deántar dh á chuid de'n mhalach agus annsin spréidheann muid an t-aoileach eadar na driollanna. Nuair a bhíos sin deán ta deántar dhá leath de'n driall. Cuirtear an chuid is mó de na preata í i ndriollanna. Corr-uair deántar iomairí. Deántar na h-iomairí le spáid. 'Sé an dóígh a ghnidhtear é na cuirtear cuid de'n chreafóig sa mhullach ar leithead an iomaire. Deántar na driollanna le seisrigh. Bá ghnáthach leis na daoine úsaid a bhaint as seisreacha adhmaid fá thuairim deich mbliadhna a's fiche ó shoin. Ní dheántar úsaid asta anois. Nuair a bhíonn na daoine ag scoilteadh ghnídheann siad tr í nó ceithre scoilteáín de gach phreata. Nuair a bhíonn na daoine ag dípeáíl ghnídheann siad poll sa talamh le spáid agus cuirtear scoilteán isteach sa pholl.Nuair a bhíonn na preataí os cionn an talaimh cuirtear lán ortha. Fá thuairim sé seachtmhaine in a dhiaidh sin baintear na luibheanna asta. Nuair a bhíos sin deánta cuirtear an lán deireannach ortha. F á thuairim an fhad chéádhna ina dhiaidh sin cuirtear spray ortha leis an aicid a chongbháil ar shiubhal. Nuair a baintear na preataí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall