Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 062

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 062

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 062
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Comhgarach do chéad bliadhain ó shoin nuair a chuaidh na daoine imeasg na sléibhte agus na cnuic le talamh a dheánamh. Nuair a thiomochadh siad giota talamh le spaid bhéarfadh siad ainm eiginteacht ar agus tá na h-ainmneacha sin ar na cuibhrinn go dtí an lá indiu.
    An chéad chuibhreann a briseadh ar sliabh Chúl a Doire fear darbh ainm do Stiophán a rinne é agus tá páirc Stiopháin air go dtí an lá indiu. Tá cuibhreann ar a dtugtar
    Cuibhreann na mba Seasg
    Cuibhreann na Róis
    Árd Ó Néill
    Cnoc na Balann
    Cuibhreann na h-Eorna
    Ard Beag
    Créig Ghoit
    Gap Peadar
    Purta Mhícheál
    Carraig Stíophán
    Árd na Tomáis
    Teach na gCíllimhigh
    Porta Reacan
    An Talamh Bán
    Páirc an n-Óir
    Árd na Gréaséan
    Loch an Dathla
    Loch na Maide Móra
    Cnoc a Bhualaidh
    Cnoc na Gapáll
    Loch Gabhla
    Cnoc an Amharc
    Árd na n-Arnaí - Ar ndóigh bíonn árnaí ag fás ann.
    Binn an Óglaigh - Marbhuigheadh óglach annsin sa t-sean aimsir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cúl an Doire, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Mícheál Mac an t Saoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cúl an Doire, Co. Dhún na nGall