Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    le sgéala chuig Séamus Mhaighread a theacht agus iarracht a dhéanamh leis an mheadhchain. Chuaidh Séamus leis. An chéad am a cháith Shéamus é, chuir sé slát níos fuide na an gárda é. D'fhiach an gárda aráis agus aráis acht chá dtuiocfadh leis a chaitheamh níos fuide na Séamus.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. I bhfád ó shoin bhí beirt fhear ann a bhí an-láidir. Eoghan Feirge a bhí mar ainm ar fhear amháin aca. Bhí seisean in a chomhnuidhe ar an taobh thiar de'n chonndae seo. Bhí an fear eile ina chomhnuidhe i gConndae Mhuigheo. Anois ba mhaith le Eoghan Feirge an fear eile láidir seo a chur faoi smacht mar dá ndeanfadh sé sin bhéadh sé ar an fhear a ba láidre i n-Éirinn. Lá amháin thug sé leis a bhata agus thug a aghaidh ó dheas. Nuair a tháinig sé fhad le Muigheo ní rabh sé doiligh teach an fhir eile a fhágháil mar bhí aitne ag gach duine ins an chonndae air. Ní fhaca Eoghan an fear eile láidir seo ariamh agus ní rabh fhios caidé'n t-ainm a bhí air. Ach ar dhóigh ar bith nuair a chuir sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cionn an Locha, Co. Dhún na nGall