Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí m'athair ag innse damhsa gur chuala sé na sean daoine ag cainnt ar phóta óir a bhí shíos i bpoll shuas ag teach an mhinistéir i mbaile ar b'ainm do Cruachán. Bhí fear ins an bhaile chéadna agus tiocfadh leis seasaimh ar an áit a rabh an tór foluighthe. Chuaidh triúr fear as íochtar Fhánad suas oidhche amháin agus chuaidh an fhear seo leobhtha gur thaisbean sé an áit dobhtha. Bhí sluasaid agus spáid lobhtha agus thóisigh siad ag bainnt an phoill. Ní rabh siad ag baint i bhfad go dtáinig scaifte mór preacháin ortha agus thóisigh na fir ortha leis na spádaí agus na sluaiste ach ní bhfuair siad an buaidh ortha. B'éigin dobhtha téicheadh agus chaith fear aca an spáid thar an chlaidhe agus léim seisean annsin agus gortuigheadh é agus ní rabh i bhfad na dhiaidh sin go bhfuair sé bás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
      2. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Shiadhail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall
  2. Sgéal Grinn
    Bhí dhá shean-duine i na gcomhnaidhe ar an Bhaile Úr uair amháin. Páidí agus Caití an t-ainm a bhí ortha. Oidhche amháin thug Páidí isteach sopóg chochain go dtí an chisteanach. Thug sé car-shuain do Chaití agus d'iarr sé uirthi na sopaí a chasadh do. Dubhairt Caití go gcasadh agus thoisigh sí. Nuair a chuaidh sí síos go dtí an seomra bhí tuile dheor ann agus bhí an seomra leath-lán uisge.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cheallachain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall