Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 56
- XML “Na Féilí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní bhíonn nósannaí ar bith ag na daoine sa cheanntar seo ar chuid de na feilí ach tá féilí eile ann agus bíonn cuid mhór nosannaí aca.
Ar oidhche Fhéile Brighde an oidhche dheireannach de Éanaoir ghnidhtear crosannaí agus buarachaí (?) de fhiagacha.Baintear na fiaghacha an oidhche sin roimh luighe gréine agus fágtar ar an taobh amuigh dé'n doras iad. Bíonn bruitín ag gach duine an oidhche sin. Nuair a thógtar pota na mbruitín de'n teine má tá bean sa teach a bhfuil Brighid mar ainm uirthi téigheann sí amach fá choinne na bhfiagacha. Nuair a thógann sí na fiaghacha sgairteann sí
"Teidhigidh ar bhur nglúnaibh fosglagaidh bur súile agus leigigidh isteac Brighidh".
Sgairteann na daoine astoigh "Sé beatha". Sgairteann sí an rud céadna áth-uair. Bheirtear an freagar céadna uirthí. Sgairteann sí é an tríomhadh uair. Déireann na daoine astoigh "Se beatha na mná uaisle."Tigeann sí isteach annsin agus fagthar na fiaghacha faoi phota na mbruitín go rabh an suipeár thart.Nuair a bhíonn an suipear thart(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall