Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 119
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis dé airgead isteach sa chliabh. Nuair a bhí an cliabh lán aige tharraing siad-san suas an an cliabh agus d’fhág siad Seán.
Bhí sé i gcruad-chás annsin. Ní rabh fhios aige caidé bá chóir dó a dheánamh.
Sa deireadh fuair sé croiceann bolóig agus adharca air. Chuir sé air é a’s thoisigh sé ag briseadh na fuinneóige le truisne a thógail.
Mhothuigh an fear uasal an truisne as d’eirigh sé. Thug seisean iarraidh air leis na h-adharca. D’fhiafruigh an fear uasal dó caidé bhí sé a iarraidh. Dubhairt Seán gur é an Diabhail “agus muna bhfoglacaidh tú an doras agus mé a leigint amach go ciúin bainfidh mé an cionn de’n teach”. D’fhosgail an fear uasal an doras a’s leig amach Seán, nó ba mhaith leis é a fhághail ar shiubhal.
Nuair a fuair Seán amach tharraing sé ar theach na gaduidheanna agus croiceann an bholóig air. Nuair a bhain siad an teach amach bhí na gaduidheannaí na suidhe cois na teineadh ag cunntas an airgid agus bhí solas beag aca. Bhí fuinneóg bheag ar an teach agus chuir Seán isteach í leis na h-adarca. Shíl na gaduidheanna gur an Diabhal a bhí ann agus d’fhág siad an teach agus an- t-airgead agus ar shiubhal leobhtha an méid a bhí in a gcorp.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Faisnéiseoir
- Sedhbha Nic Daibhidh
- Inscne
- Baineann