School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 118
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean Sgéal.Bhí fear uair amháin agus bhí sé ag obair ag fear uasal. Fuair bean an fhir seo bás agus chá rabh ach duine amháin dé chloinne aca. Seán an t-ainm a bhí air. Bhíodh sé i dtolamh ag dul thart fá dtaoibh dé thigh an fhir yasal. Sa deireadh thoisigh sé ag goid rudaí. Bhí muinntear an toighe ag tabhairt fá deara go rabh [spaineog]? airgid agus rudaí eile caillte aca.
Dubhairt an fear uasal leis an athair nuair a tháinig sé isteach maidín lá thar na mhárach gur cóir dó a mhac a chur ‘un báis nó go rabh sé ag goid rudaí. Thug sé leis a mhac i mála lá amháin lé é a bhaithadh. Chas fir air ar an bhealach. D’fhiafruigh siad dó caidé bhí leis san mhála. Dubhairt seisean gur a mhac a bhí leis agus go rabh sé ag dul a bhathadh. Dubhairt siad-san gur mhór an truaighe do sin a dheánamh. “Bá chóir duit é a chur le muidinne agus annsin thig leis foghlam i gceart agus nuair a bhéis sé foghlumusta aige thig leis theacht na bhaile”. Thug siad leóbhtha Seán i dteach bheag a bhí aca. Bhí siad a gul a ghoidh ó fhear uasal an oidhche sin. Bhí siad a gul a chur isteach i gcliabh agus ag gul a chuir síos an simleór. Chuir siad Seán síos agus chruinnigh seisean an méid is thiocfadh(continues on next page)- Collector
- Eithne Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Pádhraig Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Informant
- Sedhbha Nic Daibhidh
- Gender
- Female