Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 118](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1080%2FCBES_1080_118.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 118
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 118
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgéal.Bhí fear uair amháin agus bhí sé ag obair ag fear uasal. Fuair bean an fhir seo bás agus chá rabh ach duine amháin dé chloinne aca. Seán an t-ainm a bhí air. Bhíodh sé i dtolamh ag dul thart fá dtaoibh dé thigh an fhir yasal. Sa deireadh thoisigh sé ag goid rudaí. Bhí muinntear an toighe ag tabhairt fá deara go rabh [spaineog]? airgid agus rudaí eile caillte aca.
Dubhairt an fear uasal leis an athair nuair a tháinig sé isteach maidín lá thar na mhárach gur cóir dó a mhac a chur ‘un báis nó go rabh sé ag goid rudaí. Thug sé leis a mhac i mála lá amháin lé é a bhaithadh. Chas fir air ar an bhealach. D’fhiafruigh siad dó caidé bhí leis san mhála. Dubhairt seisean gur a mhac a bhí leis agus go rabh sé ag dul a bhathadh. Dubhairt siad-san gur mhór an truaighe do sin a dheánamh. “Bá chóir duit é a chur le muidinne agus annsin thig leis foghlam i gceart agus nuair a bhéis sé foghlumusta aige thig leis theacht na bhaile”. Thug siad leóbhtha Seán i dteach bheag a bhí aca. Bhí siad a gul a ghoidh ó fhear uasal an oidhche sin. Bhí siad a gul a chur isteach i gcliabh agus ag gul a chuir síos an simleór. Chuir siad Seán síos agus chruinnigh seisean an méid is thiocfadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Faisnéiseoir
- Sedhbha Nic Daibhidh
- Inscne
- Baineann