Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)san loch sin thíos a bhaint, iad a bhruith agus an sugh a thabhairt duithe le h-ól bhéadh biseach uirthi”. Chuaidh an fear abhaile. Maidín lá thar na mhárach fuair sé na planntaí bhruith iad agus thug an sugh duithe. Ní rabh i bhfad go rabh biseach uirthi. Bhí sí abalta a h-ainm a innse agus ainm a hathora agus a máthara agus an áit ar b’as í. Le sin chuimhnigh an fear ar an rud uilig a’s a chuir na sidheógaí ar an bheirt aca.
Dubhairt an bhean óg gur mhaith léithe fághail na bhaile. Thug an fear leis an béach a’s thug ise leis ar a chúlaib a’s d’fhág san bhaile í. Nuair a chonnaic a máthair í thoisigh sí a chaoineadh. “Cad tuige a bhfuil tú ag caoineadh”? arsa’n fear. “Tá adhbhar caointe agam” arsa’n bhean, “nó bliadhain san oidhce anocht a cuireadh nighean domh. Thuit sí marbh an oidhche a pósadh í agus mhinneóchainn mar bé go bhfuil fhios agam go bhfuil sí marbh gur sin í na seasamh annsin”. “Sin í” a deir an fear agus d’innis an bheirt aca an scéal ó thús go deireadh.
Thug an t-athair agus an mháthair buidheacas mór dó’n fhear annsin. Bhí féasta mór aca agus nuair a bhí sé thart chuaidh an fear abhaile chuig na mhthair.
(Feach ar an dara leathanach)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Doire Easa Cloiche, Co. Dhún na nGall