Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 102

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 102

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 102
  3. XML “Seanscéal - Fear na Rosaibh agus na Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chúlaibh. Bhí iongantas mór air nuair a chonnaic sé an bhean a fuair bás leis ins an teach ar a cúlaibh anois agus í comh beo agus bhí ariamh.
    D’imthigh siad leó ar chaoi ar bith as ní rabh i bhfad go rabh siad san áit a d’fhág siad. Bhí baramhail ag an fhear anois an riogan a rabh siad ann. Léim sé féin agus an bhean dé’n bhéach. Tharraing sé chuige í agus ghearr sé an Chroich Chéasta thart fá dtaoibh dóbhtha. Ní rabh na sidheóga abalta theacht a gcomhair ach shín fear aca fhad a’ go bhfuair sé buille bhuaileadh ar an bhean san chluais. Fágadh bodhar agus ballaibh í.
    Thug sé na bhaile chuig na mháthair í. Cheistnigh sise í ach b’éigin dí fiafruigh do na mac ach leis an reogan a cuireadh airsan ní rabh cuimhne aige
    Bhí sí aige ar feadh bliadhna agus í shan dóighe a fágadh í. Bliadhain san oidhche ar thárla an rud bhí sé amuigh airís ag cuartughadh an bheithigh. Chuala sé cainnt in deas dó agus seo é an comhradh a chuala sé. “Bliadhain san oidhce anocht arsa’n rogaire a goideadh an bhean óg uainn”. “Seadh go dearbhtha” arsa’n dara fear “a’s is beag maith a rinne sí dó’n rógaire a ghoid í, leis an dóigh a d’fhág muid í”. “Tá sí mar sin” arsa duine eile “agus dá mbéadh fhios ag an rógaire is beag an rud a leasadh í”. “Caide sin”? arsa duine eile aca. “Da rachadh sé síos a’s cuid dé na planntaí atá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eithne Ní Cheallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Toam, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Doire Easa Cloiche, Co. Dhún na nGall