Scoil: Más an Easa (C.) (uimhir rolla 14776)

Suíomh:
Más an Easa, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Cholchuin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Más an Easa (C.)
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “Cú Chulainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    marbhughadh i coidhche go marbhóchaidh d’anam féin tú, agus cá bhfuil d’anam” ar sise. Tá sé thoir ins an choill istigh i gcroidhe crainn atá ann. Tá molt ins an crann. Tá lach ins an mholt, agus tá ubh ins an lach, agus tá m’anam ins an uibh, agus chá mharbhóchtar mé i choidhche go marbhóchtar mé leis an ubhall éorna atá i gchlár m’éadain, agus tá agam le imteacht i mbarach arist”.
    D’imtigh sé ar maidin lá ar na bharach. Fuair sí agus Cuchulann tuagh agus chuaidh siad na coill agus ghearr siad an crann. Leim an molt amach as an crann agus tharraing Cuchulann an tuagh air agus mharbhuigh sé é. Leim an lach amach as an mholt, agus rinne sé an rud ceadna leis an lach. Bhain siad an ubh aistí agus thug siad na bhaile é. “’Nois ar sise gabh tusa i bhfolach anocht béidh sé tuirseach agus gearrtha agus béidh mise ag cur ola ar a chuid créachta, agus béidh an ubh agam im ochras, agus buailfidh mé ins an bhall éornan é”.
    Tháinig sé an oidhche sin agus dubhairt sé go rabh Cuchulann fa’n áit. “Bhal” ar sise leigheasfaidh mise do chuid creachta leis an ola seo”
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ua Fearadhaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Craoslach, Co. Dhún na nGall