Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'imthigh an bheirt acu ag tarraingt ar an bhaile. Dubhairt an gasúr go rabh an chuideachta ba mó de'n iomlán ins an chead bhaile eilean lá ar na bhárach, go rabh rásaí madadh ann, go ndéanfadh seisean madadh de féin. Dubhairt sé go dtiocfadh an maighistir a rabh sé aige thart agus go gceannchadh sé é agus d'iarr sé ar an athair gan an slabhra a bhéadh aige a leigint ar shiubhal. Chuaidh siad chuig na rásaí, rinn an gasúr madadh de féin agus bhain sé an rása. Cheannuigh an mhaighistir an madadh. Bhí oiread lúthgháire ar an athair roimhe an airgead agus go dtearn sé dearmad do'n tslabhra.
Cuireadh an gasú na phríosúin. Lá amháin chuaidh giorsach isteach le na bhricfeasta. Nuair a bhí a bhricfeasta déanta aige d'iarr sé uirthi lán an chupa de uisce a thabhairt isteach chuige as an abhain. Thug agus d'ól sé braon de'n uisce agus rinn se eascon de fhéin agus chuaidh isteach ins an chupa. Thainic eagla uirthi agus chaith sí an cupa isteach san abhainn. Nuair a thainic an maighistir na bhaile chuaidh sé fhad leis an phríosún ach ní rabh an gasúr istigh. D'fhiafruigh sé de'n chailín cá rabh an gasú. Dubhairt sise go dtearn sé eascon de féin agus go dteachaidh sé isteach san abhainn. Nuair a chualaidh an maighistir seo rinn sé fhéin agus na gasraí eile madaidh uisce díobhtha féin agus d'imthigh siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall