Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghearradh adhmaid. Fuair sé lón bídh agus d'imthigh sé. Nuair a bhí sé ag gabháil isteach na coilleadh casadh an fear beag dó. D'iarr sé cuid de'n lón ar Pheadar. Thug Peadar sin dó agus fáilte. Shuidh siad síos agus d'ith siad agus d'ól siad a sáith. Nuair a bhí siad réidh dubhairt an fear beag le Peadar go gcaithfeadh sé rud éinteacht thabhairt dó. D'iarr sé air ghabháil go dtí'n crann bhí as a choinne, é a ghearradh anuas agus go bhfuigheadh sé bunachar maith ag bun an chrainn. D'imthigh an fear beag annsin.
Thoisigh Peadar a ghearradh an chrainn. Nuair a bhí an crann gearrtha aife fuair sé gé mór ag a bhun. Bhí lúthgháir mhór air agus d'imthigh sé ag tarraingt ar an bhaile mhór. Nuair a bhí giota siubhalta aige scairt fear leis ag iarraidh cupla cleite as an ghé. D'iarr Peadar air theacht agus cleite thabhairt leis. Thainic sé fhad leis an ghé agus nuair a bhí sé ag tarraingt an chleite aistí ghreamuigh sé do'n ghé.
D'imthigh siad leo agus nuair a bhí siad ag gabháil thart le h-aonach a bhí ann chonnaic fear a bhí na sheasamh le teach iad iagus d'iarr sé ortha theacht anuas. D'imthigh Peadar leis ach lean an fear eile é. Fuair sé greim ar an fhear a bhí greamuighthe do'n ghé agus ghreamuigh sé féin dó fosta. D'éigin dóbhtha leanstan do Pheadar.
Fá chionn tamaillt eile bhí siad ag gabháil...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall