Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)araist agus thainic na préacháin araist agus thainic an chearc fosta. Thoisigh an chearc agus an coileach a throid fá'n éan óg. Dubhairt an chearc gur léithe-se é agus dubhairt an coileach gur leisean é. Dubhairt an chuid eile de na préacháin go bhfágfadh siad ag rígh na Sasana é le socrughadh.
D'imthigh na préacháin arais go Sasain. Achan lá nuair a d'éirigheadh rí amach bhíod na préacháin uilig cruinnighthe fá dtaobh de agus ní rabh fhios aige cá tuighe. Chuir sé ar na páipéir go dtabharfadh sé aingean le pósadh go mbéadh sé na rí. Nuair a gheobhadh seisean bád. Do fhear ar bith a d'innseochadh dó cá tuighe a rabh na préacháin uilig na diaidh.
Bhí an gabha ag fagháil na bpáipéar agus nuair a léigh sé an scéal fá na bpreacháin chuir sé ceist ar an ghasúr an dtiocfadh leisean sin a innse. "Thiofadh liom" ars' an gasúr, "bhál" ars' an gabha "rachaidh mise agus tusa go caisleán an ríogh i márach agus thug leat do scéal a innse do'n ríogh. "Ó ní thiocfadh liom-sa, mac gabha bocht as Éirinn, ingean ríogh a phósadh" arsa an gasúr. "Gheobhaidh mise culaith éadaigh duit" ars' an gabha "agus béidh tú comh deas le duine ar bith a bhéas annsin".
Ar maidin an lá thar na bhárach d'imthigh an fear agus an gasúr go luath go dtí an caisleán. Bhí cuid mhór daoine cruinn thart ar an chaisleán. Bhí achan duine ag innse a sgéil féin ach ní rabh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Searlus Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall