Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 361

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 361

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 361
  3. XML “An Droch-Leasmháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    shuidh sé ag an chead cheann a casadh air. Go gearr 'n-a dhiaidh sin tháinic carr an ríogh thart agus chuir an rí ceist air caidé sheol an bealach seo é agus dubhairt sé leis gur seachran an t-saoghail. D'iarr an rí air a ghabhail suas ar an charr ag n-a thaoibh agus chuaidh. Thiomáin an rí go dtí an caislean.
    Ní raibh de theaghlach ag an rígh seo ach gasúr beag amháin agus nuair a chonnaic sé a athair ag teacht d'imthigh sé ann a aracais. Chonnaic an rí a ghasúr fhéin ag tarraingt air, d'amharc sé ar an ghasúr a bhí leis ar an charr agus thoisigh sé a gháiridhe. Dubhairt sé gur shaoil sé gur a ghasúr fhéin a bhí leis ar fad, ná bhí an bheirt go cosamhail le chéile le dhá scadan.
    Bhí an bheirt ghasúr aige annsin go raibh siad 'un meadaidheacht agus go raibh a mhac fhéin ag gabhail a iarraidh inghean ríogh eile le pósadh. Bhí grádh mór ag an bheirt ghasúr ar a chéile agus bhéadh siad 'n-a luighe le chéile ar an leabaidh chéadna gach oidhche.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Níc Ruaidhrigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Maighread Níc Ruaidhrigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    37
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall