Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tabhair damh beagán, de’n beagán, mórán de’n mórán.
Roinn de’n roinnt, bolgam de’n t-snathadh, snathadh de’n bholgam.
Tactadh da muice móire d’im agus fad scailíne de thabacca gramhróg de’n ghramróig, mar dcidh dia agat é. Agus ma rinne mise dearmad de gach tabhair fhéin leat é.
“Níl annseo acht trí shamaidí gamhna agus trí shamhaidí cáit ag duíl ortha.
(Níl) Ní bhlighthear iad ach i gcionn gach aon am trátha Ní sin aréir, anocht no i mbarach.
Agus ma fhanann tú le braon da gcuid báinne gheobhaidh tú é”.
“N’áit a gcasfaidhe sean-chailleach lóm leithscealach
damsa (bhuailfhinn) a dearfadh liom nach rabh aicí ach braon bainne bó sheascaighe bhuailfhinn buille, de’n t-sliochtar de’n bhliochtar de’n [scerfógchruinn]? a bheadh in mo lámh agam úirtí a (baif) bainfheadh siubhail aistí a chuirfeadh i ar lárg, ar an bhuidhe atá i gcúl an toighe. Dearc ar an donán déileóir dranghallach nar chuir i anuraidh is nar bhain i mbliadhna atá gan sliocht fóghmhair, gan buidhean éarraigh, gan comhnuidhe geimhridh, gan aoibhneas samhraidh - gan athair gan mathair, gan deirbhsiúr gan dearbhrathair, gan mairg, gan buaidhreadh gan múineadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Doiminic Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Gaoithín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bearna na Gaoithe, Co. Dhún na nGall