Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 38

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 38

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 38
  3. XML “An Gasúr Gaelach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fonómhaid ionann a’s a rádh “sin a mbéidh ar a son agat”.
    Thug an rí órdú do daibhídh annsin a bhéidh réidh [gleac]? maidín lá thar na bharach ar an bhfhaithce a bhí taobh thiar de’n caisleán, agus go mbeadh an bulaidhe annsin chomh luath leis.
    Bhí go maith a’s ní raibh go`h-olc. Nuair a tháinic an mhaidín bhí sluagh mhór cruinnigh ar an bhfhaithche cun na troda d’feicealt. Ní raibh sé i bhfad go dtáinig an do throdaidhe. Bhí daibhídh gléasta i liúrach ghorm, cloigead ar a cheann agus a claidheamh nochtaighthe ‘na lámh aige. Bá maiseach mear-luthmhar a dhearn sé ag feitheamh le na chéile chomhraic, agus bhí cuma air go dtroidfeadh sé go n-imthigheadh an t-anam as.
    Ní rabh cuma Críostaidhe ar chor ar bith ar an bulaidhe. Bhí sé gléasta i gcroiceann leómhan agus éideadh pláta ar a cheann a bhí ag deallrughadh sa ghrian. Bhí cathbarra líomhta ar a cheann agus bhí claidheamh géar uatbhasach na láimh aige.
    Sheasuigh an bheirt ar aghaidh a chéile amach ar feadh cúpla móimeid. Buaileadh clog annsin agus thoisigh an troid. Cainnt ar throid ach b’e sin an áit ina an troid. D’ionnsaigh na laochra a chéile go fíochmar feargach agus go te teann. Bhí siad ag leadradh agus ag sathadh ar a céile go dtearn siad bogán de’n cruadhtan agus cruadhtan de’n bhogán agus gur chuir siad sruthain fíoruisge amach as na clocha, cruaidhe gorma. Níor fhág siad ‘n bheitheach na’n éan fa chúig mhí dobhta nar chuir siad ar mire leis an tormán a bhí aca.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall