Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 34

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 34

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 34
  3. XML “An Gasúr Gaelach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    shuaimhneas an oidhche sin, agus ba luath ar maidín a bhí siad ar a gcois. Indhiaidh a mbricfheasta thug Cárán litir do daibhidh, agus dubhairt leis,
    “Tabhair sin do’n maighistir nuair a rachas tú cun na scoile indiú.
    D’imthigh an bheirt i gcuideachtain a cheile go toigh a’ léighinnt indiaidh ainm agus aois daibhídh fhaghail thug an maighistir a theacht dó agus thaisig sé a fhóghluim.
    Ar an dó dhéag a chlog chuaidh na páistí uilig amach a sughradh dobhta féin. Ní rabh fhios ag na páistí eile cia’n seort duine daibhídh. Shíl siad go rabh sé cosamhail lé Bruadair agus dtiocfadh leis iad a throid. Ach ba ghoirid go rabh fhios aca a athrughadh. Comh luath a’s leagadh lámh ar a comrádaidht, thoisigh daibhídh orrtha agais thug greadadh daobhtha a chongbhuigh socar iad go ceann dá lá go leith.
    Mhair an dá ghasúr ar scoil go rabh siad ‘na stócaigh móra bhí daibhidh iontach cliste ar fad bhí sé níos fearr na bruadair agus na scoláirí eile ag gach chinéal d’eólas, agus nuair a d’fág sé an scoil, dubhairt an maighistir go raibh sé chomh maith leis féin.
    Bhí an bréagh ag daibhídh agus ag bruadar anois ní raibh dadaidh lé deánamh aca ach amuigh ag seilg agus iasgaireacht ó mhaidín go h-oidhche. Bhí corrfhiadhacha ‘na gcéadaí ar an oileán, agus da [bhrigh]? sin bhí a sháith spoirt acá. Corr uair ní thigeadh siad asteach ar chor ar bith, ach gníodh siad teine amuigh lé na gcuid bídh ‘ollmhughadh.
    Oidhche amháin, bhí an triúr ‘na suidhe chois na teineach. Bhí Cárán ag caitheamh a píopa, ar a shuaimhneas, ag eisteacht go h-aoibhneach le daibhídh agus é ag innse dó fa mar mharbh sé féin agus bruadar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall