Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 310
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear bocht i dTír Conaill am amháin agus tráthnóna fuar sneachta amháin bhí sé amuigh leis féin agus ní raibh dul aige teach ar bith a fhághail ina bhfuigheadh sé fosgadh na h-oidhche, agus go díreach bhí sé ag brath suidhe síos ag bun binne nuair a t”
(ar lean ón leathanach roimhe)cinnte.
Nuair a chuaidh siad isteach bhí teinidh bhreagh sa teach agus cailín ruadh ina suidhe ag taobh na teineadh. Tháinic am luighe agus chuaidh an tine as, acht i n-áit i a coigilt ba é an rud a chuir fear a’ toighe cliabh mónadh uirthí. Bhí an fear bocht ag déanamh gur mar mhaithe leisean a bhí sé ag cur síos na teineadh, agus d’iarr sé air gan teinidh ar bith a chur síos dó-san. Dubhairt fear an toighe go raibh níos mó ná eisean ag dul a shuidhe go maidín.
Fa chionn tamaill chuaidh siad uilig a luighe acht an cailín ruadh agus an fear bocht. Nuair a bhuail an chlog an dó-dhéag, phreab an cailín ruadh ‘na seasamh agus léim isteach i lár na teineadh. Sheasuigh sí annsin go dteachaidh sí ina toit amach ar an t-simleór.
Scannruigh an fear bocht agus dar leis gur bh’fhearr do fear a’ toighe a mhuscgladh, acht le sin thainic sí isteach agus shuidh sí ag an teinidh go raibh sé an h-aon a chlog. Thug sí léithe rópa annsin agus cheangail sí do’n cupla é, agus chroch sí í fhéin, agus sa bhomaite chuaidh sí as amharc
Roimhe i bhfad thainic sí isteach agus shuidh sí ag an teinidh go raibh an dó a chlog. Thug sí léithe tubán uisce agus bháidh sí í fhéin. Thóg an fear bocht amach í agus d’fhág ina luighe ar an urlár í, fa chionn tamaill d’éirigh sí fhéin agus chuaidh sí a luighe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Antóin Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall