School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 310

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 310

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 310
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear bocht i dTír Conaill am amháin agus tráthnóna fuar sneachta amháin bhí sé amuigh leis féin agus ní raibh dul aige teach ar bith a fhághail ina bhfuigheadh sé fosgadh na h-oidhche, agus go díreach bhí sé ag brath suidhe síos ag bun binne nuair a t

    (continued from previous page)
    cinnte.
    Nuair a chuaidh siad isteach bhí teinidh bhreagh sa teach agus cailín ruadh ina suidhe ag taobh na teineadh. Tháinic am luighe agus chuaidh an tine as, acht i n-áit i a coigilt ba é an rud a chuir fear a’ toighe cliabh mónadh uirthí. Bhí an fear bocht ag déanamh gur mar mhaithe leisean a bhí sé ag cur síos na teineadh, agus d’iarr sé air gan teinidh ar bith a chur síos dó-san. Dubhairt fear an toighe go raibh níos mó ná eisean ag dul a shuidhe go maidín.
    Fa chionn tamaill chuaidh siad uilig a luighe acht an cailín ruadh agus an fear bocht. Nuair a bhuail an chlog an dó-dhéag, phreab an cailín ruadh ‘na seasamh agus léim isteach i lár na teineadh. Sheasuigh sí annsin go dteachaidh sí ina toit amach ar an t-simleór.
    Scannruigh an fear bocht agus dar leis gur bh’fhearr do fear a’ toighe a mhuscgladh, acht le sin thainic sí isteach agus shuidh sí ag an teinidh go raibh sé an h-aon a chlog. Thug sí léithe rópa annsin agus cheangail sí do’n cupla é, agus chroch sí í fhéin, agus sa bhomaite chuaidh sí as amharc
    Roimhe i bhfad thainic sí isteach agus shuidh sí ag an teinidh go raibh an dó a chlog. Thug sí léithe tubán uisce agus bháidh sí í fhéin. Thóg an fear bocht amach í agus d’fhág ina luighe ar an urlár í, fa chionn tamaill d’éirigh sí fhéin agus chuaidh sí a luighe.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Dómhnall Breathnach
    Gender
    Male
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Informant
    Antóin Breathnach
    Gender
    Male
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal