Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 201

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 201

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 201
  3. XML “An Bhean Ghlas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Bhean Ghlas
    Bhí fear uasal ann fad ó shoin agus bhí triúr mac aige. Bhí feirm mhór talaimh aige agus bhí an fhairrge ag teacht isteach ar an talamh. Rinne an mac a ba shinne bádhbhdhún leis an fhairrge a choinneáil amuigh acht ar maidín lá thar na bhárach bhí sé leagtha go talamh.
    Dubhairt an dara fear go ndeánfadh seisean é. Rinne sé é acht ar maidín lá thar na bhárach bhí sé leagtha go talamh.
    Annsin dubhairt an mac a b’óige go ndeánfadh seisean é, acht sula dteárn sé é rinne sé teach beag thíos ag n-a thaobh. Shuidh sé go maidín a choimhead agus deich gcárdaí aige. Cha raibh sé i bhfad go bhfaca sé an bád caol dubh ag teacht isteach ar an fhairrge agus bean deas ina suidhe ins an deireadh. Thainic an bhean isteach chuige. Chuir sé ceist uirthí an n-imreochadh sí cluiche. Dubhairt sí go n-imreochadh.
    D’imir siad cupla cluiche gan geallta. Annsin dubhairt an bhean ghlas go n-imrecochadh sí cluiche anois le gealltaibh, agus an té a bhainfeadh an cluiche
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall