Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 287
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus ní raibh aca ach aon mhac amháin. Lá amháin bhí an fear ag deanamh cléibh agus d'iarr sé ar an ghasúr a ghabhail amach fa choinne an tsaileóg a bhí amuigh ag taobh an toighe.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ghasúr cé a bhí suas ins an teach
shiubhail siad leo go dtáinig siad fhad leis an tríomhadh teach. D’iarr an diabhail ar an ghasúr fanacht annsin go bhfeiceadh seisean cé a bhí thuas annseo. Chuaidh sé suas agus nuair a chuaidh sé isteach, bhí lán an toighe annsin agus iad ag urnaigh. Nuair a tháinig sé anuas dubhairt sé leis an ghasúr go mbéadh teach pobail ins an ina raibh seiseán ina seasamh, agus gurbh eisean a léighfeadh an t-Aifreann.
Nuair a rinneadh an teach pobail ba é an gasúr a leigh an t-Aifreann. Lá raibh da raibh sé ag léigeadh an Aifrinn, tháinig an diabhal isteach agus thug sé iarraidh de scian-phóca ar an ghasúr. Thug an pobal iarraidh air. Ach d'iarr sé ortha amharc ar a chuid cos sul a mairbhfheadh siad é agus nuair a d’amharc siad ar a cosaibh bhí crúba bó air agus ba é an diabhal a bhí ann.
Scéulaidhe; Antoin O Ghachobhair, Áirdmhín, Clochán Liath, 76 bliadhan.
Scríbhneoir; Brígid Bhreatnach, Áirdmhín, Clochán LiathScéal
“Bhí fear agus bean aon uair amháin agus ní rabh aca ach aon mhac amháin. Ba mhaith leis an athair é a bheith na cearpantóir ach b'feárr leis an mhac é féin a bheith na ghaduidhe.”
Bhí fear agus bean aon uair amháin agus ní rabh aca ach aon mhac amháin. Ba mhaith leis an athair é a bheith na cearpantóir ach b'feárr leis an mhac é féin a bheith na ghaduidhe. Tháinig an lá agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Searlas Ó Rabhartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSeanga Mheáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Domhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSeanga Mheáin, Co. Dhún na nGall