Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 288
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear agus bean aon uair amháin agus ní rabh aca ach aon mhac amháin. Ba mhaith leis an athair é a bheith na cearpantóir ach b'feárr leis an mhac é féin a bheith na ghaduidhe.”
(ar lean ón leathanach roimhe)D’imthigh an mac a ghaduidheacht.
Bhí go maith a’s ní rabh go h-olc ní rabh é i bhfad ag siubhal gur casadh gaduidhe eile air. Chuir sé ceist air ca rabh sé ag gabhail agus dubhairt an stócach go rabh sé ag gabhail a ghaduidheacht. “Ma thug tú liomsa,” arsa’n gaduidhe “dheánfaidh mé an gaduidhe is cliste duit ar an domhan.”
Chuaidh, agus bhí siad ag gaduidheacht leo ar faedh tamaill fhada as ní bhfuarthas greim ortha ariamh. Lá amháin agus iad ar
Taobh cnuic chonnaic siad fear ag gabhail an bealach mór agus caora leis. dubhairt an gaduidhe leis an stócach da ngoidfeadh sé an chaora go rabh sé cliste.
D’imthigh sé a ghoid na caorach mar h-iarradh air. Chuir sé clábar ins an bhróig a bhí air agus d’fhág ar an bhealach mhór roimhe an fhear í. D’fhág sé an ceann eile giota maith ‘un tosaigh roimhe an fear agus luigh i bhfolach. Casadh an cead bróg ar an fhear ach
dar leis fhéin nach rabh maith ar bith innti gan a comráduidhe
Casadh an bhróg eile ar an fhear agus dubhairt sé in a intinn féin go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Searlas Ó Rabhartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSeanga Mheáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Domhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSeanga Mheáin, Co. Dhún na nGall