Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 320

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 320

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 320
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí gasúr ag gabhail an bealach mór lá amháin agus trí caora leis. Casadh sagart air agus chuir sé ceist air an rabh sé ábalta é fhéin a coisreacadh agus dubhairt an gasúr nach rabh.

    Bhí gasúr ag gabhail an bealach mór lá amháin agus trí caora leis. Casadh sagart air agus chuir sé ceist air an rabh sé ábalta é fhéin a coisreacadh agus dubhairt an gasúr nach rabh. "Bhal," arsa'n sagart foghluimneochaidh mise an dóigh duit. Cuir i gcás anois caora aca an t-Athair; an ceann seo an Mac; agus an chaora seo eile an Spioraid Naomh. Dubhairt an gasúr go gcoisreachaidh sé é fhéin 'ach a'n lá agus d'imthigh sé leis.
    Thárlaidh sé go bhfuair caora aca bás agus bhí an gasúr buadhartha na dhiaidh. Casadh an sagart ar an ghasúr cuplá lá na diaidh seo agus d'iarr sé air é fhéin a choisreachaidh. "I n-ainm an Athar agus an Mhic agus fuair an Spiorad Naomh bás leis an galar sgráth!" arsa'n gasúr.
    Sgéalaidhe: Cáit Ní Dhomnaill, Mín Corbhuic, Croich Slighe.
    Aois: 72 bliadhan.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin a seachtar mac aca. Fuair mac aca bás agus sa deireadh fuair an tseachtar bás, agus níor chaoin sí comh beag le deor na ndiaidh.

    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin a seachtar mac aca. Fuair mac aca bás agus sa deireadh fuair an tseachtar bás, agus níor chaoin sí comh beag le deor na ndiaidh.
    Rugadh mac eile daobhtha agus bhí sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Rabhartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    Leitir Catha, Co. Dhún na nGall