Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 256
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí Rí ann i bhfad ó shoin agus nuair a bhí sé ag cur suas a chaisleán i nDún na nGall an méid a chuireadh sé suas ins an lá bhéadh sé ar lár ar maidín.”
ScéalBhí Rí ann i bhfad ó shoin agus nuair a bhí sé ag cur suas a chaisleán i nDún na nGall an méid a chuireadh sé suas ins an lá bhéadh sé ar lár ar maidín. Bhí seisear saor cloiche aige. D’obair sé leis go dtí Aoine. Chuir sé ina chionn go gcuirfeadh sé trí shaor eile a gcuideachta an mhuinntir a bhí aige siocair an Domhnach a bheith ag teacht, nó chonnaiceas dó nach mbainfidhe leis ar an Domhnach. Agus bhí dúil aige go suidhfheadh sé fhéin ‘a choimheadh go mbéadh an mheadhon oidhche thart.
Nuair a scap na saortha cloiche tráthnóna Dia Sathairn d’fhan an rí leis fhéin na ndiaidh ag coimheadh an chaisleáin. Bhí sé tamall ina shuidhe, a aghaidh ar an obair agus a chúl ar an taoibh eile, nuair a thionntaigh sé thart bhí bean ruad ina seasamh ar a chúl agus níor mhothuigh sé ag teacht í.
“A rí Uí Dhomhnaill,” a deir sí “tá tú ag teacht ‘un tosaigh go maith le dó chaisleán,”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Fhirghil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall