Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 307
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí buachaill ann aon uair amháin agus pósadh é. Ní raibh sé i bhfad pósta go bhfuair sé bás.”
(ar lean ón leathanach roimhe)a rud gan mhúnadh.”
Chuaidh Ros a fhad leis agus bhí siosúr léithe ina póca. Ghearr sí an fheasóg de agus thóg sí amach é. thóg sé mála óir agus d’imthigh sé, gan buidheachas a thabhairt daobhtha. bhí go maith agus ní raibh go h-olc; aon lá amháin bhí siad amuigh ins an choillidh ag cruinniú brosnaí agus goidé tcídh siad ach an fear beag céudhna agus é greamuighthe eadar dhá chrann. Thosuigh Rós agus Sneachta a tharraingt go raibh siad tuirseach ach ní raibh gar ann, b’eigean do Rós dhul ‘na bhaile fa choinne siosúra. Nuair a tháinic sí ghearr sí a fheasóg agus leig
“Is tú is lugha mhúnadh a chonnaic mé ariamh,” arsa seisean, “ghearr tú leath mo chuid feasóige an lá ndiaidh ach ghearr tú de chomhair a bheith uilig é”
Goidé an dóigh a rachadh mé ‘na bhaile” arsa seisean. Annsin thóg sé mála airgid agus d’imthigh sé. Bhí an oidhche ann agus lean siad é. Shuidh sé astoigh eadar dhá chloich, agus d’amharc sé uaidh. Bhí Rós agus Sneachta ina suidhe ag na thaoibh. Le sin tcídh siad an beithir ag taraingt air agus a chraos fosgailte. Sgannruigh Rós agus Sneachta no bhí siad ag déanamh go gcuirfeadh an beithir as bealach iad. Tháinic sé fhad leo, agus thug sé aghaidh a ar an fhear bheag. Labhair an fear beag agus arsa seisean; “O na marbhuigh mise marbhuigh iad seo.”
Bhí a fhios ag Rós gurbh’ é an beithir a bhí aca san(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall O Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- 1414074 (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)