Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 306
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí buachaill ann aon uair amháin agus pósadh é. Ní raibh sé i bhfad pósta go bhfuair sé bás.”
(ar lean ón leathanach roimhe)siad ina suidhe cois na teineadh aon lá amháin, an mháthair ag cniotail, Rós ag fuaghail agus Sneachta ag léigheadhnuair a tcídh siad an bheithir mhór ag tarraingt ar an teach.
Reath na cailíní suas ‘un an tseomra agus d’fhan an mháthair ins an áit a raibh sí. Tháinic an bheithir isteach agus arsa seisean: “Na bíodh sgannradh oraibh ní bhainfidh mise daoibh no ma tá dochar ionam níl dochar liom.” Tháinic Ros agus Sneachta as an tseomra agus ghlan siad an beithir agus théigh sé é fhéin. D’fhan sé aca go maidin.
Achan oidhche thigeadh sé agus d’fhanadh sé aca go maidin. Shleamhaigh an t-am thart agus tháinic an samhradh. Aon lá amháin tháinic an beithir agu arsa seisean: “tá mé buidheach daoibh no rinne sibh mórán damh ach ní bheidh mé a’ teacht feasta caithfidh mé mo thaiscidh a choimhead.”
Bhí siad buardhartha ach gaidé bhí le déanamh, no b’iomdha lá a d’fhan sé aca ag déanamh cuideachta. Aon lá amháin bhí Ros agus Sneachta ag déanamh cuideachta agus mhoithigh siad an sgreadach caidé do bharamhail a bhí ann ach an fear beag
a ba lugha a chonnaic siad ariamh, agus feasóg fhada air, agus a fheasóg istigh i mbéal éisg. Labhair Rós agus arsa sise; rachadih mise fa choinne cuididh duit.”
“Maise, na bhuadhar do cheann,” arsa seisean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall O Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- 1414074 (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)